Ag cuidiú leatsa cuidiú leat féin
Seirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe do Mhúinteoirí
Arna maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Den chuid is mó den am, tig linn brath ar ár seiftiúlacht féin chun déileáil le cibé rud a thagann inár mbealach. Mar sin féin, ó am go ham tig le tacaíocht sheachtrach a bheith tábhachtach chun déileáil le cúrsaí faoi leith a chuireann strus agus brú breise inár saolta. Tá tacaíocht sheachtrach den chineál seo ar fáil do mhúinteoirí agus baill neasteaghlaigh anois tríd an tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe (SCF).
Cad is Seirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe (SCF) ann?
Is é cuspóir an SCF ná rochtain éasca a chur ar fáil do mhúinteoirí agus a mbaill neasteaglaigh ar chomhairleoireacht faoi rún agus chun cuidiú leo déileáil le hiarmhairt chúrsaí pearsanta agus cúrsaí a bhaineann leis an obair. Tá an tseirbhís ar fáil do mhúinteoirí atá maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, a gcéilí nó a bpáirtnéirí, a gcleithiúnaithe os cionn 16 bliana agus máthair/athair nuair is cuí.
Cén fáth a soláthraítear an tseirbhís?
Nuair a bhíonn imní nó buaireamh ort, cuidíonn sé nuair a bhíonn duine ansin le héisteacht leat i mbealach nach bhfuil daorbhreithiúnach . Más comhairleoir oilte atá sa duine sin beidh tú ag glacadh céim thábhachtach agus b’fhéidir an chéad chéim chun deireadh a chur leis an inmí agus an buaireamh seo.
Le cois tacaíocht a fháil, gheobhaidh tú amach cad iad na láidreachtaí, scileanna agus acmhainní atá agat.
Tig leis an SCF cuidiú leat le cúrsaí i gceann ar bith de na réimsí seo:
• Cúrsaí a bhaineann leis an obair
• Cúrsaí teaghlaigh
• Buarthaí mothúchánacha
• Deacrachtaí caidrimh
Cén dóigh a gcuirtear an tseirbhís ar fáil?
Tá Réitigh Chorparáideacha Vhi, soláthraí seachtrach fostaithe ar conradh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun an tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe a sheachadadh. Tríd an SCF, beidh seirbhísí comhairleoireachta ar fáil duitse agus baill do neasteaghlaigh ó raon de chomhairleoirí agus síciteiripeoirí gairmiúla.
Tá na seirbhísí a leanas ar fáil:
• Comhairleoireacht duine le duine – bunaithe ar shamhail ghearrthéarmach de suas go sé shéisiún comhairleoireachta
• Seisiún singil nó comhairleoireacht ghearrthéarmach tríd an nguthán
Cén dóigh a bhfuil a fhios agam go bhfuil an tseirbhís faoi rún?
Leanann foireann SCF eitic agus cóid chleachtais atá faoi cheangal ag Cumann Comhairleoireachta agus Síciteiripe na hÉireann (IACP). Ciallaíonn sé seo go mbeidh gach teagmháil a dhéantar leat faoi rún. Ní bheidh faisnéis ar bith a bhaineann leat ar fáil gan cead scríofa uait. Beidh an t-aiseolas uile anaithnid agus ní húsáidfear é ach amháin chun críche staitisticí d’fhonn cuidiú i bhfoirmiú polasaí sa réimse.
Cén dóigh a mbeidh fáil agam ar an tseirbhís?
Saorghlao 1800 411 057
24 uair sa lá / 365 lá sa bhliain
nó
R-Phost: eas@vhics.ie
Chun tuilleadh eolas a fháil ar an SCF féach ar láithreán Gréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta , www.education.ie le do thoil
Chun leagan Gaeilge den leabhrán seo a íoschóipeáil, téigh chuig www.education.ie
Reachtaíocht Cosanta Sonraí
Coinneoidh gníomhaire de cuid Réitigh Chorparáideacha Vhi an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil thar ceann Réitigh Chorparáideacha Vhi, d’úsáid i soláthar agus riarachán chláir na Seirbhíse Cúnaimh d’Fhostaithe agus seirbhísí bainteacha amháin agus, trí fhaisnéis den sórt seo a chur ar fáil, ceadaíonn tú a húsáid, chun na críche sin.
|